Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)

Suíomh:
Loch Muc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 3

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 3

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lochmuice
  2. XML Leathanach 3
  3. XML “Scéal - An Bhean Fhalsa”
  4. XML “Bealach an Bhracháin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá a fhios ag an chuid is mó de na daoine thart annseo an fáth gur tugadh an t-ainm sin do'n bhealach; Pádruig Ó Cuinn, Loachmuice (72 bliadhna) d'innis domh é. Bhí sé ag obair ann agus é in a stócach nuair a bhí an bóthar a dhéanamh, fágann sin gur déanadh é timcheall 56 bl. ó shoin)
    27-7-34
    An Sagart Mac Aoidh, sagart paróiste ins na Gleanntaí a fuair déantaé, mar aithghiorra do mhuinntir Mín a' Chait, Mín a' Líneachain, agus Bealach na gCruach, fá choinne dul ag an Aifreann i mBaile na Finne. Ní raibh teach phobail ar bith ar an Éadan fá'n am.
    Ní raibh préataí ar bith ann an bhliadhan sin agus in áit airgif a thabhairt do na daoine bheireadh sé céad mine buidhe dóibh mar pháighe seachtmhaine, acht duine ar bith a bhí i bhfad ó'n tsiopa bheireadh sé an t-airgead do. Bhíodh a mhuinntir ag iomchur brocháin fá choinne a ndinnéara do'n bhunadh bhí ag obair, sin mar fuair sé a ainm.
    Bhí sé in úsáid i ndiaidh thógáil an teach phobail ar an Éadan agus bealach cairt maith ann go dtí an bhliadhan a tháinig an Tuile Mhór 1908 nó 1910. Tugadh ar shiubhal an dá dhroichead (ceann amuigh agus ceann istigh) agus níor deisiughadh an bóthar ó shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. infreastruchtúr poiblí
          1. bóithre (~2,778)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Loch Muc, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Áine M. Ní Fhuathaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Chuinn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Seoladh
    Loch Muc, Co. Dhún na nGall