22-11-'37 Nuair a bhí Domhnall ó Conaill astuigh ins an choláiste lá amháiin dubhairt sé go rabh a ceann tinn agus fuair sé cead a bhairéad a chaitheamh. An dara lá bhí a cheann níos measa agus fuair sé céad a bhairéad a chaitheamh, agus an tríomhadh lá bhí a cheann níos measa agus fuair sé cead a bhairéad a chaitheamh. An ceathramhadh lá cuir sé fhéiin a bhairéad air agus dubhairt sé leobhtha, rud ar bith a rachadh trí uair sa choláiste bhí sé ceart agus chaith sé a bhairéad ó shin amach. Séamus Ó Cuinn, Loch-Muc a sgríobh é. Micheál Mac Fhlionn a d'innis é. Mínte Morgal, Baile na Finne. (Tá sé marbh ó shoin).Ciarán Mac MurchaidhBhí an t-Athair Mac Páidín i Gaoth Dobhair tamall ó shoin. Dubhairt sé le na daoine gan cíos ar bith a dhíol. Tháinig an tighearna talaimh agus chuir sé as a gcuid toighthe iad. Nuair a tháinig na saighdiúirí agus a gcuid capall bhí cró-iarainn aca fá choinne toighthe a leagadh. Leag siad na toighthe uilig. Fuair an tighearnaCiarán Mac Murchaidh