Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 5
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí bean ann i bhfad ó shoin agus fuair a fear bás.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Shuidhe siad síos ag an teine agus bhí siad ag cainnt. Chuir sí ceist air caidé a bhí ag rádh léithe tá tamall ó shoin. Dubhairt sí leithe gur dhubhairt sé go mbeadh siad pósta agus gur rith sí in a dhiaidh leis na clocha. "Acht," ar sise, "pósfaidh mé thú anois." "Acht," ar seisean, caithfidh mé dhul go dtí an roilig nó béidh an fear goidte." Chuaidh sí leis.
Nuair s shroich siad an roilig bhí an fear goidte. "Anois," ar seisean, "tá an fear a bhí crochta goidte agus crochfar mise, mé féin i mbárach." "Fuist, fuist," ar sise, "tógfadh mé mo fhear fhéin."
Fuair sí spád agus stróc sí aníos an chréapóg go dtí go dtáinig sí go dtí an chomhnair. Bhuail sí buille air agus bhris sí é. Tharraing sí amach a fear agus chroch an bheirt acu é. Nuair a bhí sé crochta dubhairt an fear go raibh gearradh mór fada ar éadan an fhir a bhí crochta agus nach raibh gearradh ar bith in a fear-sa. Tharraing sí an spád ar a éadan agus rinne sí gearradh mór fada ar a éadan.
"Acht' ars' an fear, aithneóchthar é go fóill mar bhí dhá fhiacail briste ins an fhear eile agus níl ins an fhear seo." Tharraing sí an spád air arís agus bhris sí deireadh na fiacla bhí aige. "Anois," ar sise, "ní aithneóchthar é."
Nuair a tháinig na gardaí ní raibh fhios acu nárbh é an fear a bhí crochta a bhí ann. Chuir siad é agus nuair a bhí sé curtha acu, "Gabh annseo anois go bpósfar sinn" ar sise. "Tug ort amach as an amharc, nó ní bhrisfidh tú deireadh a bhfuil de fhiacla agam-sa mar a rinne tú lé d'fhear fhéin."
D'imthigh sí agus níor chaoin sí aon deor ó'n lá sin go dtí an lá indiu.- Bailitheoir
- Gráinne Ní Chuinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Chuinn
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall