Bhí fear ar an ghleann mhór thiar ar an taoibh i bhfus dis na Gleanntaí agus is é an t-ainm a bhí air Pádraig Amaideach. Ins an am sin bhíodh na fir ag déanamh póitín ar na cnuic agus a thabhairt suas go h-Árd an Rátha le na díol ann. Bhíodh Pádraig ag iomchur barraillí cúig ghallún suas go h-Árd an Rátha daobhtha ar leath-choróin an barraille agus ndíol annsin. Bhí sé ag dul suas aon lá amháin agus baraille leis an a dhruim. Nuair a bhí sé fá dhá mhíle de h-Árd an Rátha chuaidh sé isteach ar an Ród. Ní raibh sé i bhfad ar bith ar an ród go dtí gur casadh fear uasal dó, agus é ag marcaidheacht ar bheathadhach bhréagh capaill. "Tá ualach mór ort" a deir sé le Pádraig. "Tá" arsa Pádraig "Cad é atá ins an bharraille?" a deir an fear uasal le Pádraig. "Tá maise Póitín" arsa Pádraig. "Cén áit a bhfuil tú ag dul leis?" arsa'n máraidh. "Tá seo baraille a fuair cuid Piléar Árd an Rátha agus chuir siad mise suas leis go teach an Oifigigh in h-Árd an Rátha go bhfágfainn ann é. Mas é do thoil é a dhuine uasail an dtig leat inse dom an bhfuil mé ar an bhealach cheart nó cad é an (bealach) atá agam le dhul ón áit a bhfuil mé go h-Árd an Rátha?" "Thig liom" is mise an t-oifigeach a deir an fear a bhíCiarán Mac Murchaidh