Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 37
- XML “Pádraig Amaideach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag marcaidheacht "ó mas tú" arsa Pádraig "tá mise go bréagh thig liom pilleadh arais na bhaile agus bheirfidh tusa leat an baraille." "Níl mé ábalta no caithfidh mise a dhul síos fhad leis na Gleanntaí, acht déanfaidh mé seo duit. Seo chugat an eochair seo. Seo eochair toighe bhig atá agam sa taobh thiar de mo theach fhéin agus tá dhá bharaille eile póitín istoigh ann. Gabh tusa agus fosgal an doras agus fág an baraille sin istoigh ann. Cuir an glas ar an doras annsin. Gabh isteach in mo theach-sa agus tabhair an eochair do mo cháilín. Annsin abair léithe gur iarr mise uirthí dinnéar maith a thabhairt duit." Chuir an duine uasail a lámh síos ina phóca agus thug sé dhá leath-chóróin do Phádraig. D'iarr sé air gloinne maith uisge beatha a ól i dteach Bhrian Uí Dhomhnaill a bhí giota beag suas an ród. "Tá mé iongantach buidheach duit a dhuine uasail" arsa Pádraig. D'imthigh Pádraig suas agus d'imthigh an t-oifigeach a bhealach fhéin. Ní theachaidh Pádraig fhad le teach an oifigigh acht chuaidh sé isteach go Dtigh Bhrian Uí Dhomhnaill leis an bharaille, agus dhíol sé an poitín le Brian annsin chuaidh sé fhad le teach an oifigigh agus chuaidh sé thart bealach cúil fhad le teach beag a raibh an dá bharaille eile istoigh ann. Bhain sé an glas de'n doras, agus thug sé amach an dhá bharaille go dtí teach Bhrian Uí Dhomhnaill, cheannaigh Brian an méad a bhí ins an dá bharaille sin fosta agus chuir Pádraig an t-airgead in a phóca. Tháinig sé anuas na cnuic(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máighread Ní Mheanmain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Liuchmhín, Co. Dhún na nGall