Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)

Suíomh:
Loch Muc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 11

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 11

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lochmuice
  2. XML Leathanach 11
  3. XML “Tobar i Srath na gCapóg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    braon tae do agus thoisigh sé fhéin agus an chailleach ag troid.
    Bhí an chailleach ag fágháil an bhuadh air agus sgairt sé ar an chú, "Cuidigh cuidigh a chú," ar seisean. "Teann, teann, a ribe," ar sí agus "bain an ceann de'n chú." Annsin sgairt sé ar an t-seabhach." "Teann, teann, a ribe agus bain an ceann de'n tseabhach," arsa sise. "Cuidigh, cuidigh, a mhong," ar seisean. "Teann, teann, a ribe agus bain an ceann de'n mhong," ar sise. Mharbhuigh sise an buachaill agus thug leithe slat draoidheachta agus rinne sí ceithre clocha bána dóibh.
    Nuair a d'éirigh an dearbhrathair a bhí i Sráth na gCapóg ar maidin, bhí íochtar meala agus uachtar fola ar an tobar. Dubhairt sé na gcodlóchadh sé aon oidhche amháin i dteach amháin go bhfeiceadh sé cad do thárla do'n dearbhrathair eile. Shiubhal sé leis go raibh neóin agus deireadh an lae ann. (Thárla isteach i dteach na caillighe móíre é. D'iarr sé lóistín uirri. Fuair sé é. Bhí cú, seabhach, agus capall leis.
    Thug sí trí ribe do le iad a a cheangailt ach ní cheangleochadh sé iad. Cheangail sé iad le trí shifín luathair agus chaith sé na ribí ins an teine. Dubhairt sí leis gur mharbhuigh sí an buachaill eile agus go marbhóchaidh sé é fós. Dubhairt sé go mbéadh le na bhfeiceáil.
    Thoisigh siad ag troid. Dubhairt sí, "Teann, teann, a ribe,agus "bain an ceann de'n chú." "Is deacair dom," arsa an ribe "agus mé ar chúl mo chinn ins an teine." Bhain an cú greim aiste. Annsin dubhairt sí, "Teann, teann, a ribe agus bain an ceann de'n tseabhach." "Is deacair dom," arsa an ribe "agus mé ar chúl mo chinn ins an teine." Sgairt sé ar an t-seabhach, agus tháinig sé agus phioc sé na súla aiste. Sgairt sí air an ribe airíst acht ní raibh maitheas ann. Tháinig an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máighread Nic Mheanmon
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Liuchmhín, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Micheál Mac Meanmon
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 60
    Seoladh
    An Liuchmhín, Co. Dhún na nGall