Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 353
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear i Chlais Mhór agys bhíodh sé ag guid i gcónaí agus bhí séipéal gairid dó. An lá seo bhí airgead tógtha as an séipéal. I bosca an fhuisidín a bhí sé agus inis an sagart dos na Gárdaí é. Chuaidh an gárda go dtí an tigh a bhí gairid don séipéal agus dúirt an fear leis ná raibh fhios aige aon rud mar gheall air.
An lá ina dhiaidh sin do bhí an gárda istigh san séipéal in cúinne. Tháinigh fear isteach agus ní raibh sé ón áit in aon chur. Chuir sé a láimh isteach sa mbosca agus thóg sé cúpla scilling agus bhí an gárda istigh i mbocsa an fhaoisidín agus bheir sé air agus chuireadh isteach sa phriosún é agus tá sé ann ó shoin.- Bailitheoir
- Tomás de Róiste
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Tomás Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Sé an ainm a bhí ar fear an phoist a bhí ansin chéad bliain ó shoin ná Seán Ó Néil. Bhíodh sé ag ól i gcónaí agus bhíodh sé an-déanach nuair a bhí sé ag teacht abhaile.
An oíche seo bhí sé ag teacht ó Clais Mhór agus díreach aige scathán aiteann. Bhí rud éigin ina shuí. Chuaidh sé gairid don rud agus bhuail sé lena bhróg é. Shíl sé gur fear a bhí ann. Éirigh an rud agus bhí sé comh mór le h-ainimhithe.
Tháinigh sé gairid do Sheán agus marbh sé é. Nuair a bhí an sagart ag dul go dtí an Aifreann ar maidin fuair sé an fear marbh ar an mbóthar agus thug sé abhaile é.