Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus chuir sé ceann muice in áirde an siminé. Cúpla lá ina dhiaidh sin thuit sé tinn agus dúirt an dochtúir go bhfuigheadh sé bás.
Ansan nuair a bhí sé ag fágailt báis bhí sé ag cuineamh ar an gceann muice agus 'sé an rud a dúirt sé ná "Arú nach é an feall nár d'ith mé in am tú". - Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé i gcónaí ag rádh ná bíodh aon eagla air roimh aon rud. Bhí sé ag teacht abhaile ón tig ósta aon oíche amháin agus chonaic sé rud bán ar an mbóthar.
Shíl sé céad uair gur caoire a bhí ann ach nuair a tháinigh sé gairid dó chonaic sé gur buidéal a bhí ann agus sprid istigh ann.
Labhair an sprid agus dúirt sé "Is mise sprid an buidéal agus tháinigh mé anseo chun tusa do marbhú". Le sin tháinigh sé amach as an mbuidéal agus do mhairbh sé an fear.- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Craith
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Deaglán Ó Gríobhtha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge