Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 222

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 222

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 222
  3. XML “An Bhean Sí”
  4. XML “Fear Saibhir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí a dheirbhsiúir tinn ar feadh i bhfad. An oidhche seo chuaidh sé amach go tí an ngeata agus chonnaic sé an bhean-sidhe agus leig sí trí liúigh aisti. Níor tháinig aon eagla air agus ní dubhairt sé le h-aoinne é. Bhí a dheirbhsiúir ina suidhe an oidhche sin agus thimcheall a naoi a chlog chuaidh an bheirt acu a codhladh agus i rith na hoidhche bhí an fear ag taidhreamh mar gheall ar an mbean-sidhe agus an mhaidean ina dhiadh sin fuair an deirbhsiúir bás.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear ann fadó agus bhí trí céad púnt aige. Gach oidhche théigeadh sé go dtí tig ósta ag ól. Sa deire ní raibh aon airgid aige chun é féin a chothughadh. Bhíodh sé ag imtheacht ó tig go tig ag lorg déirce agus ní thabharfadh na daoine do é.
    D'imthig sé go dtí tír eile agus phós sé cailín óg agus bhí seachtar páistí acu agus ní bfuigheadh sé iad a chothughadh. Sé an rud a dhein sé annsan acht triúir acu a bhádhadh agus triúir acu a mharbhughadh. Do choimead sé an duine ba óige agus dheinead sagart de.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Ghríobhtha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge