Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an tigh feirmeóra agus innis sé an sgéal ann.
Dubhradh leis braon uisce beannuighthe a thabhair leis an céad oidhche eile agus é chaitheamh a agus a d'fhiafruighe do cad é an trioblóid a bhí air.
Dhein sé é sin agus dubhairt sé leis dul abhaile arís agus go raibh púnt fe chois an bhúird agus culaith a cheannach do féin air.
Chuaidh sé abhaile. Fuair sé an púnt. Cheannuig sé an culaith agus ní fheaca sé as sin amach é. - Tomhasanna
1. Fear fada fionn na sheasamh sa ngleann gan dada na cheann acht diabhail agus deamhain. Frg feochadán.
2. Bean fhada uasal ag scúabadh an caisleáin gan craobh gan cuaille gan sguabh gan scathán. Frg. An g[h]aoth.
3. Féach annsúd sa chúinne é agus d[h]á chéad súil ann. Frg. corcán anbhruit[h]e.
4. Trí chois anáirde dhá chois ar thalamh. Ceann an duine b[h]eo i mbéal an duine mharbh. Frg. fear agus corcán ar a cheann aige.
5. Bairille bán agus dhá shag[h]as biadh ann. Frg. ubh.
6. Tobairín fíor-uisge ar fíor-bhárr an (bhárr an) tsléibhe fuinneoigín gloine agus doraisín cré. Frg. do shúil.
7. Ceathrar ag rith ceathrar ag [?] cruit agus beirt ag déanamh eolais. Frg. bó ag rith- Bailitheoir
- Seán Ó Lonáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge