Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 213
- XML “Seanfhocail”
- XML “Protastúnach agus a Chlann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Protastúnach agus A Chlann
Bhí fear ann uair amháin agus protastúnach a b'ead[h] é. Bhí seachtar mac aige agus d'iompuigheadar go léir 'na gcaitlicigh. T[h]eig[h]eadh an seachtar go dtí an aifreann gach Domhnach agus bhíodh an t-athair sa mbaile.
Nuair a thagaidís ón aifreann sé an rud a dearfadh an t-athair leo ná "cad dubhairt an sagart indiu" "Aililiúia" a déarfaidís mar sin é an rud a d'airighídís ón sagart. Fuair an t-athair bás agus ní leigfhadh an sagart dóibh é a chur i macha an t-séipéil. B'é an rud a dheineadar ná é a chur i ngáirdín a bhí ar aghaidh an tighe gairid do'n mbóthar. Ní raibh sé i bhfad curtha nuair a d'fhás crann as an áit na raibh sé curtha. Bhí bileóga ar agus bhí gach ceann acu chómh mór le leath róid coise [?] agus bhí "Aililiúia" sgríobhtha trí bhota in gach ceann acu.
Romharadar é agus fuaireadar amach gur ag fás amach [as] a cheann a bhí sé. Fuair mé é sin ó m'athair