Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 209
- XML “Sprideanna”
- XML “An Slua”
- XML “Sprideanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chaith sé casadh arís agus dul go dtí tig a bhí gairid do. Shín sé é féín ar an mbórd agus fuair sé bás. Fuair mé an sgéal seo ó mo athair. 56 blian d'aois.
- An Sluagh
Fadó nuair a bhíodh an Sluagh ag imtheacht thimcheall, dheireadh na daoine go mbíodh duine beo ag imtheacht leo gach oidhche. Oidhche amháin bhí bean ag teacht amach thar an gclaidhe agus chonnaic sí an Sluagh. Chómh luath is a chonnaic sí iad bhí sí fé dhraoidheacht.
D'imthig sí leo, agus bhí bean eile sa Sluagh agus bhí sí ag cniotáil. Chuaigh an bhean beo gairid don mbean a bhí ag cniotáil, agus chuaidh ceann d'es na biorán trí 'na láimh. Bhí sí ag imtheacht léi go maidean, agus nuair a chuaidh sí abhaile chonnaic sí an biorán ina láimh. Chaith sí dul go dtí an ósbuidéal agus fuair sí bás ann. Fuair mé an scéal seo ó m'athair. 56 blian d'aois. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Lonáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge