Bhí gabha un fudó agus bhí sé ag obair agus ceárdcha ’ge agus bhí sé ana- bhocht chun gur tháinig fear chuige lá go raibh sicéad gorm air agus capall
aige. D’fhiafraigh sé dhe a’ dtabharfadh sé dho iasuíocht na ceárdchainn go gcuirfeadh sé
iarainn fé’n gcapall. Dubhairt a’ gabha go ndianfadh agus do dhin sé set iarainn do’n chapall agus nuair a bhí an t-iarann dianta aige, chuaidh sé amach
agus do gheárr sé na ceithre cosa ó’n gcapall agus
do chaith sé isteach sa cheárdchainn iad agus do
bhuail sé na cruidhte fútha, agus nuair a chuaidh sé amach leis na cosa bhuail sé suas fé’n
gcapall arís iad cómh maith is - bhí an capall cómh maith is bhí sí riamh. "Seadh ’nois," dubhairt sé leis a ngabha, ar seisean, "níl aon t-seans," ar seisean, "go bhfiadfá-sa é seo ’dhianamh," ar sesean. "N'fheadar", ars an gabha, ar seisean
"ná ceapaim ná raibh aon cheárd ar sin", ar seisean,
"ach na cosa," ar seisean, a ghearradh dho’n chapall."
"Is chuma dhuit," ar seisean, "cé an cheárd atá air," ar seisean, "ní dóigh liom go bhfiadfá é dhianamh" ar seisean,
"ná buinn leis," ar seisean, "é seo ’dhianamh," ar seisean.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project.