Volume: CBÉ 0148

Date
9 December 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 052

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 052

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    Cáit is baoghalach go ndíolfadh sí as - go bhfaigheadh sí 'Abysína,' ach n’fheadar arú, ní bhfaigheadh mar bhí sé ró-shocair an fear bocht. Is maith
    a’ t-slíghe ro raibh sé is dócha dá mbeadh fear eile ’n-a bhróga go raibh sí marbh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Seo eachtra eile ’tá agam mar gheall ar Mhicí Shímuin agus bhí a lán eachtraidhthe mar gheall air mar fear ana-phléisiúrtha a b’eadh é, agus fear giar tuisgionnach a b’eadh é ’n-a theannta san. Bhí ceann maith air agus do dhin sé a lán
    jobanna deasa. Fiú amáin do dhin sé an diabhal de féin aon uair amháin chuin airgead
    a thabhairt do bhainntribhigh bhoicht do bhí ann do choinngibh cómharsa uaithi, agus dhearbhuig an cómharsa agus a mhac gur dhíol sé an t-airgead léi agus níor dhíol ná pingin go dtí gur tháinig
    Micí Shímuin agus crúb chapaill air astoidhche agus
    fuair sé lóistín an agus chonnaic an cailín crúb a’ chapaill ar Mhicí agus do rith sí sa t-seómra
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    3 November 1935
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant