Ortha ’chuir Mícheál ’n-a sgiath,
Ortha ’chuir Dia le fórsa,
Fear cneasta caoín, ag mnaoí bhuirb
Dhin Corp Chríost a chuir ’n-a luíghe ar a’ gcolg aréir
Deárna, a Mhuire leis a’ ngreim,
I n-Ainm a n-Athar, a’ Mhic agus an Sprid Naomh.
Ó, nuair a chuaidh a Mhaighdean agus a Mac a’ lorg bheith istig, dubhairt sí léi ná faigheadh sí bheith istig. Siné an scial.(é!) Ó, arsa a fear léi í fhágaint istig agus ar sise ná fiadfadh sí é mar a luigheadh
sí sa cholg - ná fiadfadh sí é mar a luíghfídís sa cholg, ach siné mar do dhin sé annsan léi.
Chuir, chuir Ár dTíghearna an duig ar a’ bhfear agus arsa a’ Mhaighdean Mhuire le h-Ár dTigheárna fíll agus an fear a leigheas, go raibh a’ fear go maith agus ar sise ca’ ’n-a thaobh gur dhin sé an teinneas a chuir ar a’ bhfear. Dubhairt sé chun soluíd a thabhairt
do’n mnaoí.