Volume: CBÉ 0148

Date
9 December 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 137

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 137

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. Do chómhnuigh fear fudó annso a n-Éirinn agus ’sé an ainm a thugaidís air an Gobán Saoír. Saor breágh a b’eadh é agus siúinéar. San am san ’sé an sórt tighthe a dhintí tighthe adhmuid agus ní raibh aon chur síos air
    chun na tighthe adhmuid do dhianamh agus do bhí a ainm in-áirde ar fuaid na h-Éireann agus ní raibh aon duine muar a n-Éirinn ná go b’é dhineadh tig dóibh. Ní raibh aige ach aon mhac amháin agus do bhíodh sé féin agus a mhac ag obair agus glaodhach go leór aca ar
    a gcéird. Do thaidhbhrimh sé mar seo lá osna laétheannta go bhfaigheadh sé bean do
    ’na mhac. Do bhí a bhean féinig a’ dul a gcríonacht agus do chuímhnimh sé ar phlean mar
    b’ana-mhaith leis bean mhaith tíghe ’fhághailt do ’n-a mhac. Dubhairt sé leis an mhac ’mtheacht agus
    cuíora do thabhairt chuige isteach. D’imthigh

    Never Gobán Saor in Uibhrábhach T.Ó M
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Folktales index—relevant types
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant