Scoil: An Clochar, Cill Ruis

Suíomh:
Kilrush, Co. Clare
Múinteoir:
An tSr. Pól
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0629, Leathanach 404

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0629, Leathanach 404

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cill Ruis
  2. XML Leathanach 404
  3. XML “Pósadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a póstar duine éigin bhíonn a lán spóirt acu. Go mór ar midin téigeann an fear agus an cailín go dtí an séipéal. Tar éis an phósta bhíonn breisfeást acu agus bhíonn gach saghas bídh agus gach saghas díghe le n 'ól acu. An chéad Domhnach 'na dhiadh sin deirtear nach ceart don cailín dul ar Aifreann.
    Nuair a bhíonn sean bhean no sean fher ins an tigh ina bhfuil buachaill, agus nuair a bhíonn an buachall ag pósadh tugann an mháthair agus an t-athair an fheirm agus an tigh dó ach déantar socrú leo. De ghnáth socruightear seomra fé leith, beith acu agus cead acu úsail dhéanamh de'n chistin. Má's rud é nach réidhtigeann an bhean óg leo agus go mbíonn ortha dul as an dtigh, bíonn suim áirithe le díol leo. Bíonn a lán scríbinn le déanamh ag an bhfear agus an mnaoí. Ní pósfaidís murra mbeadh airgead acu.
    Bíonn rinnce agus bíonn beidhleóir adg seinn ceoil san oíche i ndiadh an phósta. Tagann "bacaigh" go dtí an tigh agus bíonn ar an gcailín rinnce le gach duine acu.
    Brigíd Ní Dheagháid, Dún na nGrógán, Cill- Aimidhe.
    M'athair a innis na rudaí seo dom.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brigíd Ní Deagháid
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doonnagurroge, Co. Clare