School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 155
- XML “Leigheasanna”
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Deintí seana cnámh chapaill do dhóígh cun leigheas do cnaith nó adhbhar acht caithfidh an duine go mbeadh an adhbhar air bheith taobh leis an dteine. Amuich sa bhpáirc a deintí é sin.
- Nuair a bheadh dealg i gcois nó i lámh duine dá gcuirfí teanga an mhadra ruaidh leis do tharraingeóchadh sé an dealg amach. Da gcimileócadh duine an t-eascru luachrach dá theangan agus í na bheathaigh do bheadh a theangain gorm 'na dhiaidh acht d'imthigeochadh an gorm as an dteangain nuair a níghfí go maith í. Bheadh leigheas dóigteán i dteangain an duine sin acht í chimilt do'n dóighteán. Tá leigheas do'n triuch i bhfuighleach an firéad.
Do thugtí crúsca mór bainne chun firéad agus nuair a bheadh a dhoithin ólta aige do thugtí an fuighleach chun leanbhaí go mbhíodh an triuch acu. Seo leigheas eile a dheintí do'n triuch, cuirtí daradéal isteach i mbhuidéal agus cuirtí an corc air. De réir mar a bheadh an daradéal ag fághail bháis bheadh an triuch ag imtheacht. Rud eile cuirtí péistín caorach isteach i sparáinín fé mhuineál an pháiste go mbhíodh an triuch aige agus nuair a gheobhadh an péistín bás bheadh an triuch imthighthe. Leigheas eile do'n triuch iseadh cupáiníní triucha, siad san rudaí bheaga bána a bhíonn ag fás an na carraigreacha iad san do bheirughadh i mbhainne agus iad a thabhairt le n-ól dóib. Sé an leigheas do gheibhidís fadó do ghearra na slándas(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Cruadhlaoich
- Gender
- Female
- Address
- Leahill, Co. Cork
- Informant
- Mícheal Ua Cruadhlaoich
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 46