School: Doire an Chairn (roll number 12976)

Location:
Derreenacarrin, Co. Cork
Teacher:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 141

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 141

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire an Chairn
  2. XML Page 141
  3. XML “Seancheirdeanna”
  4. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Deinidís ughmacha fadó agus seo mar a dheinidís iad. Geidís ceithre bailceanna agus cuiridís ceithre poll ins gach taobh díobh agus curidís rungaí ar thaobh de ar nós dréimre. Cuiridís baidheanna ins an taobh eile. Cuiridís cleitheóga air le slata agus le baidhean a dheinidís é
    Deinidís mataí le tuighe agus srathar le adhmad agus bhídís ag tarrach aoighil leó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Collector
    Conchubhar Ua Urdail
    Gender
    Female
    Address
    Tooreennagrena, Co. Cork
    Informant
    Miceál Ua Urdail
    Gender
    Male
    Age
    53
  2. Sé an t-slíghe a dheinidís trammel fadó ná naoí bpúnt cnáib a cheannach i mBeanntraighe agus é thocrais 'na ceirtlíní beaga Bhí saghas snáthaid aca agus sé an ainm a bhí uirthi ná snáthaid bítála. Do líonaidís le snáth í agus bhí blúire adhmaidh go glaoidís mugal air Cuiridís tairne i gceann fúrma agus greamidís ceann an snáth ar an dtairne agus annsan thornuidís leis an snáthad agus an mugal.
    Bíodh an trammel naoi mugal is dachad ar leithead agus tímpeall céad slat ar fhaid. Mná is mó a dheineadh iad. Núair a bíodh an trammel críochnuidhe dathuighdís annsan é le tara. Annsan cuiridís téad le gach taobh de agus corca ar ceann dos na téide agus d'fanadh an téad san ar bharr an uisce. Cuiridís clocha beaga ar an téid eile chun an trammel do choiméad síos fé uisce.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.