School: Doire an Chairn (roll number 12976)

Location:
Derreenacarrin, Co. Cork
Teacher:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 154

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 154

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire an Chairn
  2. XML Page 154
  3. XML “Ainmithe Allta”
  4. XML “Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is é an madaruadh an t-ainmhidhe is glice dá bhfuil timcheall na h-áite seo. Dá gcathadh duine cloc leis i gcaitheamh an lae, tiocfidh sé cuige san oidhche ag goid na gcearc agus na géana, agus tógfadh sé iad ós cómhair do shúil i gcaitheamh an lae. Tá na girrithaigh go flúirseach tímcheall na h-áite seo. Ritheann siad i bhfad níos fearr i gcoinnibh an chnuic ná le fánaigh. Iomarashcálann an girrfhiadh é féin san aithin i dtreó go raghadh na deilgneacha in acrann in a chuid fionnadh agus annsan bheadh sé ana dheacair do dhuine breith air mar raghadh na deilgneacha tríd. Dá mbheadh gearbha i gceann leinbh deirtí go bhfuil leigheas i gcroicheann girrfhiadh dó acht é chuir anuas air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Dá mbearfadh éillín an chéad ubh Aoine an Cheasta thugadh na sean daoine 'na bpóca é Domhnach na Casga go dtí an Aifrion. Bheadh leigheas ann do adhbhar acht é chimilt do trí nó naoi maidineacha. Leigheas eile do adhbhar [?] at a bheadh ar thaobh scórnaigh iseadh an taobh a bheadh thíos do lichín glas a chimilt de trí nó naoi n-uaire.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    English
    Collector
    Máire Ní Cruadhlaoich
    Gender
    Female
    Address
    Leahill, Co. Cork
    Informant
    Caitlín Bean Uí Chruadhlaoich
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    46