School: Doire an Chairn (roll number 12976)

Location:
Derreenacarrin, Co. Cork
Teacher:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 001

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 001

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire an Chairn
  2. XML Page 001
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó agus bhí sí in a cómhnuidhe i gComar-Cáin. Aon lá amháin bhí sí ag fághail bháis agus bhí ana trioblóid aigne urithi.
    Bhí stocha lán súas d'ór in aice na leapchan aice agus bhí sí ag machnamh conus a thabharfadh sí an t-ór léi go dtí an saoghal eile. Fé dheire do chuimhnig sí ar sheift a dhéanamh chun an t-ór a thabhairt léi. Do ghlaoidh sí ar a chailín aimsire agus dubhairt sí léi sáspan d'fhághail agus é líonadh le h-uisce. Do dhein an cailín amhlaidh agus chuir an bhean an t-ór go léir isteach sa sáspan agus dubhairt sí léi é chur ar an dteine agus gan feuchaint air in aon chor. Ní túisge bhí an bhean as radharc an cailín ná thóg sí an clúdac de'n sáspan agus d'feuch sí isteach.
    Nuair a chonnaic sí an t-ór go léir tháinig dúil mór aice air agus do thóg sí amach é agus do chuir sí píosa mór d'ime isteach ann in a ionad. Nuair a bhí sé beirithe do thóg sí de'n teine é agus do chug sí do'n mnaoí é agus d'ól sí é.
    Annsan dubhairt sí leis an gcailín aimsire go raibh sí sásta agus fuair si bás.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Mathghamhna
    Gender
    Female
    Address
    Coolieragh, Co. Cork
    Informant
    Séamus Ua Mathghamhna
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    61
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Coolieragh, Co. Cork