School: Doire an Chairn (roll number 12976)

Location:
Derreenacarrin, Co. Cork
Teacher:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 155

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 155

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire an Chairn
  2. XML Page 155
  3. XML “Leigheasanna”
  4. XML “Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Nuair a bheadh dealg i gcois nó i lámh duine dá gcuirfí teanga an mhadra ruaidh leis do tharraingeóchadh sé an dealg amach. Da gcimileócadh duine an t-eascru luachrach dá theangan agus í na bheathaigh do bheadh a theangain gorm 'na dhiaidh acht d'imthigeochadh an gorm as an dteangain nuair a níghfí go maith í. Bheadh leigheas dóigteán i dteangain an duine sin acht í chimilt do'n dóighteán. Tá leigheas do'n triuch i bhfuighleach an firéad.
    Do thugtí crúsca mór bainne chun firéad agus nuair a bheadh a dhoithin ólta aige do thugtí an fuighleach chun leanbhaí go mbhíodh an triuch acu. Seo leigheas eile a dheintí do'n triuch, cuirtí daradéal isteach i mbhuidéal agus cuirtí an corc air. De réir mar a bheadh an daradéal ag fághail bháis bheadh an triuch ag imtheacht. Rud eile cuirtí péistín caorach isteach i sparáinín fé mhuineál an pháiste go mbhíodh an triuch aige agus nuair a gheobhadh an péistín bás bheadh an triuch imthighthe. Leigheas eile do'n triuch iseadh cupáiníní triucha, siad san rudaí bheaga bána a bhíonn ag fás an na carraigreacha iad san do bheirughadh i mbhainne agus iad a thabhairt le n-ól dóib. Sé an leigheas do gheibhidís fadó do ghearra na slándas
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.