School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 127
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ba gháthach an rud é fadó d'ár sinnsear bheith ag dul ag baint prátaí gach aon bhlíadhan. Ní bhíodh aon glúaistán no rothar acu an uair sin acht bheith ag siubhal an bhóthair. Is i gCorcaig ó thuaidh a bhíodh síad ag baint an uair san. Tógadh sé dhá lá siubhal úatha sar a bheadh siad ann. Do bhíodh naoi nó deich bhfear ann 'gá bhaint. Do bhí fear ann dara b'ainm Sean Ua Díl. Nuair a bhí sé ag teacht súas leis na daoine eile, d'imthig sé as an mbóthar. Nuair a bhí sé ag teacht do bhí an oidhche ag tuitim air. Nuair a bhí sé tamall de'n bhóthar, do chonnaic sé capall ar thaobh an bhóthair. Do bhreith sé ar a mong, agus do chuaidh sé ar marcuidheact air. Annsan d'imtig an capall ar shodar. Ní fada gur chuaidh sé thar na dhaoine eile agus é ag gáiraidhe. Níor stad an capall olc nó maith go dtí gur chuaidh sé go dtí an dorus. Ní leigheadh sé síos é. Do rith sé tharnais airis go dtí an áit a cuaidh an fear ag marcúideacht. Do leig sé síos annsan é. Do shiubhal sé tharnais an lá in a dhiaidh agus é go tuirseach tinn brónach. Capall sidhe do b'eadh é sin.
- Collector
- Síghle Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Address
- Tooreennagrena, Co. Cork
- Informant
- Seán Uá Súileabháin
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Address
- Tooreennagrena, Co. Cork