School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 047
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí lánamha pósta ann fadó agus bhíodar 'na gcómhnuidhe i gCill Treasna in Adrigóíl. Bhí tigín beag deas acu agus bhíodar ana compórdamhail. Tar éis cúpla bliadhain tháinig taomh trom breóidhteacta ar an mnaoí agus d'imthig a fir fé dhéin na doctúra. Nuair a bhí sé cúpla míle ó'n dtig fuair a bhean bás ach ní raibh fhios aige.
Nuair a bhí sé tamall eile do chas sí air ach ní raibh aithne aige uirthe agus dubhairt sé
I
Ar mo ghabháil trid Bhaile Caisleán dom
Go dian mhoc ar maidin,
Seadh do chasadh cailín óg orm gCaille Rósaí na leaca
D'fhiosraidh sí mar ba cóír dom cá gcómhnuigheann tú a mharcaig
Ar a dtuaithe tá mo loisdín agus cómhnuigim i gCill Treasna.
II
Athruig-se Scéalín nua dom
Ó is déanaighe d'fhág a baile,
Nó maireann do chéile
Nó an raibh sí riamh agut,
D'fhágad im dhiaidh í go tinn
d'fiacrac ag baile(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Mathghamhna
- Gender
- Female
- Address
- Coolieragh, Co. Cork
- Informant
- Séamus Ua Mathghamhna
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Address
- Coolieragh, Co. Cork