School: Doire an Chairn (roll number 12976)

Location:
Derreenacarrin, Co. Cork
Teacher:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 044

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 044

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire an Chairn
  2. XML Page 044
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear in a chomhnuidhe i dTúirín-na-gréine roinnt bliadhanta ó shin gurab ainm dó Seamas Liath. Fear bocht a b'eadh é. D'imthig a clann go h-Ameirce núair a caileadh a máthair agus bhí sé in aonar i dtigín beag gan aon slíghe mharachtaint aige acht naoi [?] deich cearcaibh agus caileach.
    San am san do thosnuig bóthar Doireanchairn agus tháinig Seamas ann ag obair ar cróinn sa t-seachtmhain. I gcionn tamail núair a chúaidh sé abhaile tar-éis bheith ag obair ar an mbóthair bhí an caileach[?] imthighthe ag an madra-ruadh agus do chúm sé amhrán dó agus [?]seo mar dúbhairt sé. "Caileach Séamas Liath."
    Fágabh gan talamh gan cíos me
    I mbotháinín íseal cúng.
    Ó imthig mo phreabhairí gcroidhe uaim
    Is ná fhanadís oidche im clúid.
    D'fhágadar gan tapadh gan brídh me
    Gan anam im chroidhe gan [?]
    Tá mo-shúil-se le Muire is le Bríghde
    Go bhfeichead arís iad siúd.
    Táim-se im codhladh um aonar
    Ach mo chaileach ag glaodhach lem clúais
    Ó imthig mo chuideachta i gcén uaim
    Thar fairrge craosach cruaid
    Beathuighead le n-alus mo ghéag iad
    Is alus go trean lem gcrúd
    Is anois ní liom iad in-aon-chor
    Ó aosuigheadar féinig súas.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Shúileabháin
    Gender
    Female
    Address
    Derreenacarrin, Co. Cork
    Informant
    Seán Ó Súileabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Derreenacarrin, Co. Cork