School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gabháil tríd an sráid an lá san agus bhí sé i n-amhras gurab é sín é. Dubhairt sé leis an mbreitheamh a leithéid sin d'fhear a chur dá thógaint agus do tógadh é , agus tugadh isteach go thig na cúirte é. " De bhrígh mo leabhair", arsa fear Bhaile 'n Sgeilg, , "má tá leithead leath -choróinneach bainte amach aiste sin mar chasóig atá ar sin mar fhear, sin é é." Do baineadh de an chasóg agus do chonnacathas leithead leath- choróinneach bainte amach as an dtaobh istigh.. Do dhearbhuig sé arís gur thóg se leitir as phóca na casóige agus thaisbeáin sé do'n bhreitheamh í. Ar an línn sin do daoradh é. Do fuair fear Bhaile 'n Sgeilg a chúig céad púnt agus d'imigh sé leis, agus níor stad sé riamh is chóidhche gur bhain sé a bhaile féin amach, agus mhair sé go sámh saibhir an chuid eile dá shaoghal agus sin é a bhí aige de bhárr na cómhairle
- Collector
- Eíbhlín Ní Leathlobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Dómhnaill Ó Cróinín
- Gender
- Male
- Age
- 61
- Address
- Dungeagan, Co. Kerry