School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Sceilg (C.)
- XML Page 082
- XML “An Chinniúint”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sin chun bainne, agus chun ime, ná mar a raibh de bha sa pharóiste, agus bhí muinntir a pharóiste ag ceannach na ngamhan uaidh, go dtí ná raibh sa pharóiste,ach ba a bhaineas le bó an fheirmeóra. An tarna bliadhain agus fiche do bhí gamhain tairbh aige' n mbóinn sin, agus dubhairt an feirmeóir leis féin go marbheóchadh sé an tarbh,agus do mhairbh. Nuair a fuair máthair an tairbh boladh na fola, do chuaidh sí go dtí cnocán ós cionn tíghe an fheirméora,agus to thosnuig sí ag géimrig. Bhí ba an paróiste dá chrúdadh an uair sin, agus nuair a chualadar an bhó so ag géimrig, d'fhágadar annsan na mná crúidhte, agus chuadar ar an gcnocán céádhna le bó an fheirmeóra.Annsan do chromadar go léir ag géimrig i dteannta a chéile, agus nuair a bhí pas géimríghe déanta acu, do bhuail an tseana bhó rómpa amach, agus do lean an chuid eile í, agus níor stadadar go dtánghadar go dtí an fhairrge.Thugadar a n-aghaidh ar an bhfairrge amach, ar slíghe is nár chas ceann acu riamh ó shoin, agus níor fágadh 'na ndiaid sa pharóiste -ach cearca amháin,agus do glaodhadh paróiste na gcearc ar an bparóiste sin as san amach. NÍ raibh aoinne sa pharóiste annsan, ná raibh , ó mo bhó, ó mo bhó, sí an chreach bó a chaill sinn.(continues on next page)
- Collector
- Síghle Ní Súilliobháin
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Dá
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Cinn Aird Thoir, Co. Kerry