School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 126
- XML “An Gadaí Dubh Ó Dubhain”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)raibh aon nidh in ann aon mhaith a dhéanamh dí acht an triúr mac a bhí amuigh ar oileán aige d'á bhfeicfeadh sí iad go mbeadh sí chómh maith is a bhí sí ariamh. Chuir an fear fios ar an triúr mac agus tháinigeadar. Annsin bhí an bhean chómh maith is a bhí sí ariamh.
D'fiafruigh an bhean díobh an mbeadh cluithche cártaí acú léithe agus dubhradar go mbeadh. Thosuigheadar ag imirt. D'eirigh leis an mbean an chéad cluithche do ghnóachuint. “Cuir do gheasa anois” ar an triur mac. Chuir. Sé an geasa a chuir sí gabhail siar sa domhan thiar agus an stáinin cloigeannach a thabhairt aici. Dubhradar go raibh siad sásta. “Bíodh cluithche eile againn” arsa siadsan “tá go maith” ars an bhean. D'eirigh an cluithche seo leis an dtriúr mac. “Cuiridh bhur ngeasa” ars an bhean agus sé an geasa a chuireadar gabhail suas ar bhárr an chaisleáin, púirín coirce agus pota uisge a thabhairt léithe agus gan aon ghreim ithe acht an méid coirce a rachadh trí poll na snáthaide móire tar éis é thíomadh sa bpota uisge ná go dtigidh siad ar ais. Maidin lae ar na bhárach d'eirigh an triúr agus an bhean. D'itheadar a mbreicfeasta.
Annsin nuair a bhí an breicfeasta ithte chuaidh gach duine in a bhealach féin. Chuaidh an triúr mac siar go dtí an domhan thiar ar thóir an stáinín cloighthinneach agus d'fhan an bhean ar bhárr an chaisleáin. Bhí an triúr mac ag imtheacht leób agus ag síor imtheacht leób nó gur casadh fear leobhta “Cá bhfuil sibh ag dul” no bhfuil dochar fiafruigh diobh” ars an fear “Ó muise níl, táimid ag dul siar go dtí an domhan thiar ar thóir an stáinin clogthinneach. “Níl aon mhaith díobh dul annsin mar mise an Gaduidhe Dubh Ó Dubháin agus is iomdha uair a d'fhéac(continues on next page)- Collector
- Máirtín O Choidhin
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Ó Cadhain
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Seanadh Farracháin, Co. Galway