Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 126

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 126

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 126
  3. XML “An Gadaí Dubh Ó Dubhain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    raibh aon nidh in ann aon mhaith a dhéanamh dí acht an triúr mac a bhí amuigh ar oileán aige d'á bhfeicfeadh sí iad go mbeadh sí chómh maith is a bhí sí ariamh. Chuir an fear fios ar an triúr mac agus tháinigeadar. Annsin bhí an bhean chómh maith is a bhí sí ariamh.
    D'fiafruigh an bhean díobh an mbeadh cluithche cártaí acú léithe agus dubhradar go mbeadh. Thosuigheadar ag imirt. D'eirigh leis an mbean an chéad cluithche do ghnóachuint. “Cuir do gheasa anois” ar an triur mac. Chuir. Sé an geasa a chuir sí gabhail siar sa domhan thiar agus an stáinin cloigeannach a thabhairt aici. Dubhradar go raibh siad sásta. “Bíodh cluithche eile againn” arsa siadsan “tá go maith” ars an bhean. D'eirigh an cluithche seo leis an dtriúr mac. “Cuiridh bhur ngeasa” ars an bhean agus sé an geasa a chuireadar gabhail suas ar bhárr an chaisleáin, púirín coirce agus pota uisge a thabhairt léithe agus gan aon ghreim ithe acht an méid coirce a rachadh trí poll na snáthaide móire tar éis é thíomadh sa bpota uisge ná go dtigidh siad ar ais. Maidin lae ar na bhárach d'eirigh an triúr agus an bhean. D'itheadar a mbreicfeasta.
    Annsin nuair a bhí an breicfeasta ithte chuaidh gach duine in a bhealach féin. Chuaidh an triúr mac siar go dtí an domhan thiar ar thóir an stáinín cloighthinneach agus d'fhan an bhean ar bhárr an chaisleáin. Bhí an triúr mac ag imtheacht leób agus ag síor imtheacht leób nó gur casadh fear leobhta “Cá bhfuil sibh ag dul” no bhfuil dochar fiafruigh diobh” ars an fear “Ó muise níl, táimid ag dul siar go dtí an domhan thiar ar thóir an stáinin clogthinneach. “Níl aon mhaith díobh dul annsin mar mise an Gaduidhe Dubh Ó Dubháin agus is iomdha uair a d'fhéac
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0953: The Old Robber Relates Three Adventures
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín O Choidhin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cadhain
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe