School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nach raibh an mhaighdean mara na mara duibhe ag dul coiscéim 'un tosaigh agus a mhaighdean féin coiscéim ar gcúl. Lé sgéal gearr a dhéanamh de'n sgéal marbhuigheadh an mhaighdean agus a lucht leanamhna ó dhuine go duine is ó bheirt go beirt. Níor fágadh fear innste sgéil díobh.
Nuair a marbhuighead an mhaighdean rith mac an ríogh lena anam. Baineadh truisle as agus thuit sé i bpoll agus baineadh a meabhar de. Nuair a dhúisigh sé ó na ramhailltí bhí sé ar an gcarraig a bhfaca sé an mhaighdean an chéadlá agus bhí an báidín slán sábháilte ar an gcarraig. Léim sé isteach innte. D'iomruigh sé le luas lasrach agus ní raibh sé i bhfad nó i ngearr gur bhain sé tír agus talamh amach. D'fág sé an bád in a dhiaidh agus bhain sé teach a athar amach gan mhoill. Ba gheall le aiseirigh na marbh áca é mar shíl siad go raibh sé báidte.
Rinne siad féasta in onóir é theacht. Mhair sé seacht noidhche is seacht lá. B'fearr an lá deiridh ná an chéad lá. Cos níor thiobaigh sé i mbád aríst coidhche agus do b'é tuairim gach éinne nár mhilleán dhó.
Maighread Breathnach
Fuaidh
Fionnmhuighthe
An Fáirche.
Tá Máigread agus dul ar sgoil (1935) agus í sa seachtmhadh ranng. Níl sí acht 14 bliana d'aois. Deir sí gur chuala sí an sgéal seó ó Sheán Breathnac, An Fhuaidh. Tá an leithchead slánuighthe aige deir a inghin.- Collector
- Maighread Breathnach
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Cnoc na Fuaiche, Co. Galway
- Informant
- Seán Breathnach
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Cnoc na Fuaiche, Co. Galway