Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 104

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 104

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 104
  3. XML “Maighdean Mara na Mara Duibhe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    nach raibh an mhaighdean mara na mara duibhe ag dul coiscéim 'un tosaigh agus a mhaighdean féin coiscéim ar gcúl. Lé sgéal gearr a dhéanamh de'n sgéal marbhuigheadh an mhaighdean agus a lucht leanamhna ó dhuine go duine is ó bheirt go beirt. Níor fágadh fear innste sgéil díobh.
    Nuair a marbhuighead an mhaighdean rith mac an ríogh lena anam. Baineadh truisle as agus thuit sé i bpoll agus baineadh a meabhar de. Nuair a dhúisigh sé ó na ramhailltí bhí sé ar an gcarraig a bhfaca sé an mhaighdean an chéadlá agus bhí an báidín slán sábháilte ar an gcarraig. Léim sé isteach innte. D'iomruigh sé le luas lasrach agus ní raibh sé i bhfad nó i ngearr gur bhain sé tír agus talamh amach. D'fág sé an bád in a dhiaidh agus bhain sé teach a athar amach gan mhoill. Ba gheall le aiseirigh na marbh áca é mar shíl siad go raibh sé báidte.
    Rinne siad féasta in onóir é theacht. Mhair sé seacht noidhche is seacht lá. B'fearr an lá deiridh ná an chéad lá. Cos níor thiobaigh sé i mbád aríst coidhche agus do b'é tuairim gach éinne nár mhilleán dhó.
    Maighread Breathnach
    Fuaidh
    Fionnmhuighthe
    An Fáirche.
    Tá Máigread agus dul ar sgoil (1935) agus í sa seachtmhadh ranng. Níl sí acht 14 bliana d'aois. Deir sí gur chuala sí an sgéal seó ó Sheán Breathnac, An Fhuaidh. Tá an leithchead slánuighthe aige deir a inghin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0316: The Nix of the Mill‑pond
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Cnoc na Fuaiche, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Breathnach
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cnoc na Fuaiche, Co. na Gaillimhe