School: An Druim (roll number 13528)

Location:
An Droim, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ó Concheanainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 110

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 110

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Druim
  2. XML Page 110
  3. XML “An Cladach Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (I)
    Ar chualad sibhse trácht a dhaoine ar an stoirim shíntí ar mhuir is talamh
    Is dfága éagmhaois gleo agus caoineadh
    Gach aon lá choidhche i gConamara i ndeireadh an Fhóghmhair san
    Oidhche Dia h-AOine seadh a rinneadh an mhísg ar shean is ar óg
    Is go bhfuil sé ráidhte ó bhéal na ndaoine
    Gur thriall sí an oidhche siúd as Mexico.

    (II)
    A Dhia sa Chríost nár mhór an nídh é
    An méid siúd daoine a chur in fáin
    Mná 'gus páistí i gcaitheamh na h-oidhche
    Mo léan, dá gcaoineadh is gan íad le fághail.

    (III)
    Garla dubhach ort féin a mhór-mhuir nach iomdhaí (?) deor glas a bhain tú asta
    A gcáirdí ag iomramh ar an tonnta móra
    Sa Dia na Glóire ar bheagán fasgadh.

    (IV)
    Acht ó thárla anois is go bhfuil síad éághtha
    Is nach bhfuil aon éirnis ar an saoghal seo acu
    Guidhmid leo go Ríógacht na Glóire is Dia dá
    seolughadh go Fliatais na Naomh.

    (V)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Conghnaile
    Gender
    Male
    Address
    Leitir Móir, Co. Galway