Scéal. Bhí sean-bhean ann uair agus bhí mac amháin aici. Níor mhaith leis an mac seo bheith ina chomhnuidhe. Dubhairt sé lena mháthair lá a dhul amach agus fiafrughadh de chrann coille cé’n cheird a bheadh aige. Ní raibh an choill i bhfad ón teach. Chuaidh an mháthair amach agus chuaidh sí timcheall an tighe. An fhad ’s bhí sí ag dul timcheall rith an mac amach agus bhí sé thuas sa gcrann roimpi. D’fhiafruigh sí de’n chrann cé’n cheird a thiubhradh sí dá mac. “Gadaidheacht”, adeir an crann. D’imthigh sí léithí annsin gan smid a labhairt níos mó. Tháinig an mac anuas as an gcrann agus rith sé trasna an bealach céadna agus bhí sé istigh sa teach roimpi. Nuair a tháinig sí isteach d’fhiafruigh sé dhi cé’n chéird a bheadh aige. “Gadaidheacht, a deir sé liom, ach níl mé féin sásta”, adeir an mháthair. D’imthigh an mac annsin faoi cheann cúpla lá. Casadh na scriosadóirí air agus d’iarr sé orra gadaidheacht a mhúnadh dhó. Thugadar leo é agus tháinigadar go dtí teach mór. Bhí gach a raibh sa teach ina gcodladh. Chuaidh siad suas ar an teach agus bhí ciseán mór aca. Dubhairt siad le mac na baintreabhaigh a dhul isteach sa gciseán agus go leigfeadh siad síos sa simléar é. Gheall siad dó go dtóigfeadh siad aníos é nuair a bheadh gach a raibh d’airgead sa teach aca. Chuaidh an mac síos.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »