School: Árd Aoibhinn

Location:
Ardeevin, Co. Galway
Teacher:
Dll. De Grás
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 098

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 098

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Aoibhinn
  2. XML Page 098
  3. XML “Lucht Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lucht Siubhail
    Sé is lucht siubhail ann ná fir agus mná nach mbíonn aon tighthe aca ag dul ó theach go teach ag iarraidh déirce. Bhí go leór aca ann fadó agus tá cuid mhaith aca ann fós.
    Seo ainmneacha cúpla díobh a bhí ann san am sin Pádraig Ó Mhisnéal. Dónal Ó Cudda. Mícheál Mór. Seán na gCos gCan agus cuid eile. Nuair do bhí mo sean-athair ina shiuidhe cois na teine tráthnóna amhain thainig Dónal O Cudda isteach ins an dreach chuige.
    D'iarr sé loisdín na h-oidhche air agus dubhairt mo sean-athair go anabharfad(??) sé lóisdín na h-oidhche dó dá n-innseócadh sé sgéal dó.
    Thosuigh sé annsin ag innseacht an sgéil agus seo é. Dubairt sé go ndeachaidh sé isteach i dreach beag in-a raibh cailleach ann aus gur iarr sé lóisdín na h-oidhche uirri. Dubairt sí nach bhféadfadh sí lóisdín a thabhairt dó. Thug sí cupán tae do agus píosa aránn agus dubhairt sí leis a dhul amach annsin. Níor labhair sí aon fhocal
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhómhnalláin
    Gender
    Female
    Address
    Loughpark, Co. Galway
    Informant
    Brighid Ní Cheallaigh
    Gender
    Female
    Address
    Loughpark, Co. Galway