School: Árd Aoibhinn
- Location:
- Ardeevin, Co. Galway
- Teacher: Dll. De Grás
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Aoibhinn
- XML Page 062
- XML “Cluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhíodh go leor cluiche ag na ndaoine san t-shean-aimsir mar ag imirt peile, agus bualadh báire. Do bhíodh na daoine go léir i dteach, agus do bhídhís ag imirt "lúrabóg" agus "tairrinte shalaighe".
Seo í an chaoi do bhídhís ag imirt "tairrinte salaighe," do bhíodh a lán buachaillí agus cailíní in-a suidhe cois na teine, agus do bhíodh ceann aca i lár an urláir ag tarraingt coisc an duine eile ó áit go h-áit.Do bhídhís mar sin agus nuair do bhíodh an rud déanta aca do bhíodh fhios aca an ceann ba láidire ins an scata. Seo í an chaoi do bhídís ag imirt "lúrabóg" do bhídís ag suidhe cois na teine agus do bhíodh a gcosa sínte amach.Annsin do bhíodh ceann aca agus do bhíodh slat aige agus do bhíodh sé ag rádh: "lúrabóg, lárabóg, láirín buidhe, buidhe ó néill, néillín príobán, príobán súileach, súileach seicneach, dhá céad bliomán, bliomán lachaí, súistín, búistín, buile beag ar lár na slaithe. "Crap isteach a fhlaith" do(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Chonduibh
- Gender
- Female
- Address
- Bushtown, Co. Galway
- Informant
- Máiréad Ní Chonduibh
- Gender
- Female
- Address
- Bushtown, Co. Galway