School: Árd Aoibhinn
- Location:
- Ardeevin, Co. Galway
- Teacher: Dll. De Grás
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Aoibhinn
- XML Page 009
- XML “Tomhasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Siúd thall ort é, ní trom leat é, ní ball de bhall de chorp é, a's tá sé órt in a ndiaidh sin.
= D'ainm.
Sín amach do lámh ar d'aghaidh, a's chífir an rud nach raibh, nach bhfuil, is nach mbeidh.
= Comh-fhad na méara.
Cnap saille fá bhun coille, a's gan aon easna ann.
= Seilmide.
Chomh h-árd le balla chomh bán le bainne, chomh dearg le fuill, chomh milis le mill, a's níl sé i gceann aca.
= Ubhall.
Gearráinín bobailthe ag siubhal an domhain, is ná fhluicheann a chos.
= Beatha.
Thógfainn in mo láimh é, is ní chuirfinn an rí ceangal air.
= Gainimh
Teach beag nach bhfuil áit do'n luch ann agus níl aon rí indon an méid fuinneóga a comhradh is a bhfuil ann.
= Méaracán(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Dhubhghaill
- Gender
- Female
- Address
- Curraghmulmurry, Co. Galway
- Informant
- Cáit Ní Coileáin
- Gender
- Female
- Address
- Classaghroe, Co. Galway