School: Árd Aoibhinn

Location:
Ardeevin, Co. Galway
Teacher:
Dll. De Grás
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 162

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 162

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Aoibhinn
  2. XML Page 162
  3. XML “Aiste - Na Fataí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá feilm againn sabhaile agus cuireann m'athair na fataí ar an bhfeilm ins an t-Earrach gach bhliadhain. Ar dtúis déanann mo mháthair na sciolláin agus fágann sí súil in gach píosa. Nuair a bhíonn na sciolláin déanta aicí déanann m'athair na h-iomairí le chéacht.
    Ins an t-sean aimsir do dhéanadh na daoine na h-iomairí le láirghe, acht ní dhéanann nac daoine na h-iomairí anois le láirghe. Tá céacht ag gach duine anois. Gheibheann m'athair dhá chapall agus céacht agus déanann sé cúig sgríb leis an gcéacht. Nuair a bhíonn an méid sin déanta ag m'athair tugtar iomairí ar sin. Cuireann sé an leasú ar na h-iomairí annsin. Bíonn na h-iomairí réidh leis na fataí a chur ann. Tá a lán daoine ann agus déanann siad driollanna.
    Tá a lán sórt fataí ann mar atá-:
    "Kerrpinks", "Champions", "Chiefs" and the Arranbaners. Nuair a bhíonn na fataí ag fás cuireann m'athair cloch-ghorm ar na fataí sa gcaoi go bhfásann siad go maith. Treabhann na daoine agus fuirsigheann siad an talamh, le h-aghaidh na ndriollanna ar dtúis agus annsin cuireann siad an leasú ar na driollanna, agus annsin fágann siad na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. potatoes (~2,701)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Sheóighigh
    Gender
    Female
    Address
    Cultiafadda, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Coileán
    Gender
    Female
    Address
    Cultiafadda, Co. Galway