Tugtar an Inid ar an aimsir ó lá Nodlag na mban go dtí Céadaoin an Luairidh. Le linn na h-aimsire is eadh deintear na cleamhnaisí. Máirt na h-Inide an lá déanach chun pósta roimh an gCarghaois.
Ins an t-sean-aimsir theigheadh scata buachaillí go dtí an teach ina mbiodh an lánamhain agus iad gléasta i dtuighe. Bhíodh féasóga ortha agus hataí glasa. Nuair do theigheadh said isteach ins an dteach bhíodh fáilte an domhain rómpa agus fleadh an-mhór freisin.
Bhíodh gúna gorm ar an gcailín, agus culaith donn an bhfear. Nuair do bhíodh said ag teacht isteach an doras tar éis bheith pósta ins an séipéal bhrisidís cáca déanta de mhín coirce ar a gceannaibh.
Nuair do bhíodh na daoine
(continues on next page)