School: Árd Aoibhinn
- Location:
- Ardeevin, Co. Galway
- Teacher: Dll. De Grás
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Aoibhinn
- XML Page 022
- XML “An Gobán Saor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí an Gobán Saor in a chomhnuidhe in aice na h-áite seo céad bliadhna ó shoin. Théigheadh sé ar fud an domhain ag déanamh séipéal & chathedirals. Bhí sé an-chliste & bhí a chlinn mar sin freisin. Bhéadh áras aige dá mbeadh mac aige ins an dteach.
Lá amháin chuaidh sé go Sasana chun séipéal an-mhór a dhéanamh i Chesterfield. Seán Mac Lingel an t-ainm a bhí ar an bhfear ós cionn an Gobán Saor. Bhí faoi an Gobán Saor a mhabhú nuair a bheadh an séipéal críochnuighthe. Nuair a bhí an séipéal beagnach críochnuighthe, chuala sé an seift a bhí faoi chun é féin a mharbhú. Bhí faoi Mac Lingel an Gobán Saor a mharbhú mar cheap sé go mbeadh a shéipéal níos áilne ná aon cheann eile sa domhan. Cheap sé nuair a bheadh an Gobán Saor marbhuighthe nách bhead aoinne sa domhan aon séipéal níos áilne ná a séipéa a dhéanamh.
Dubhairn sé le Mac Lingel go raibh úirlíse ar iarraidh & go mbeadh air dul abhaile chun é a fhághail. Ní bhead Mac Lingil sásta le sin ach dubhairt sé go leigfeadh sé a mhac go hÉireann. cor in aghaidh a choir(continues on next page)- Collector
- Gearóid De Grás
- Gender
- Male
- Address
- Glennamaddy, Co. Galway
- Informant
- Séamus Mac Gloinn
- Gender
- Male
- Address
- Patch, Co. Galway