School: Árd Aoibhinn
- Location:
- Ardeevin, Co. Galway
- Teacher: Dll. De Grás
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Aoibhinn
- XML Page 145
- XML “Aiste - An Chuigeann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá cuigeann againn sabhaile. Is le mo mháthair é. Cheannuigh sí ins an siopa é. Thug sí púnt air. Seo í an chaoi a dhéanann sí an maiscread.
Cuireann sí túlán lán d'uisce fuar ar an teine. Nuair a bhíonn sé fuaichre tógann sí suas é. Sgólann sí an cuigeann leis. Caitheann sí an t-uisge sin amach. Cuireann sí uisge fuar ann annsin chun an chuigeann a fhuaradh.
Cuireann sí an t-uactar ins an gcuigeann. Cuireann sí an chlúdai air annsin. Cuireann sí an cuigeann i lár an urláir. Cuireann sí griosaidhe faoi'n gcuigeann. Casann sí lámh na cuinneóige go tapaidh.
Bíonn sí tuairim uair an chluig ag déanamh an ime. Nuair a bhíonn sí tuairim is leath uair á chasadh cuireann sí muga uisce te ann chun an ime a bhailiú(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Mhainin
- Gender
- Female
- Address
- Bushtown, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Mhainín
- Gender
- Female
- Address
- Bushtown, Co. Galway