School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)
- Location:
- Crumlin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Donnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromghlinn (B)
- XML Page 200
- XML “Fathaigh - Gioll Sciath”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dó, chonnaic sé teach breagh mór, leag sé sios an cliabhán agus a mhathair ann, chuaidh isteach, agus d'fiarr sé obair. Bhí faitchios ar muinntir an tighe é a dhiultughadh, agus dubhradh leis go bhfuigheadh sé obair. I dtosach tugadh béile do agus d'a mhathair freisin.Nuair a bhí an béile caithte aca dubhradh le Gioll go raibh gamhain amuigh i bpáirc agus go gcaithfeadh sé é a tabhairt isteach. Nuair a chuaidh sé amach ceard a bheadh sa bpáirc acht tarbh fiadhan, agus chomh túisge is a chonnaic sé Gioll rinne sé air. Rinne Gioll ar an tarbh freisin, rug sé air, d'iomchur sé isteach é, agus d'fág ag doras an tighe é. Cheap muinntear an tighe go mharbhochadh an tarbh Gioll acht ní mar sin a bhí an sgéul. Chuimnigheadar annsin ar áit a raibh piast mór neimmhneach. Bí poll ag an bpéist istigh fá crann mór árd. Thugadar tuagh do Gioll agus dúbhradh leis an crann a leagaint. Chuaidh sé amach agus tosuigh se ag gearradh an chrainn. Tháinig an phiast amach as a poll, acht nuair a chonnaic sí Gioll, bhí faithchios chomh mór sin uirthi, is gur leag Gioll an crann, chuir sé ar a druim é agus thiomáin sé í go socar reidh isteach chun an tighe. Nuair a chonnaic muinntir an tighe, Gioll agus an phiast , agus an crann ar a druim, ag tigheacht, biodar ag tuitim le sgrannradh. Fuaradar mála óir, thugadar do Gioll é, agus d'iarradar air dhul abhaile airís. Tháingi sé féin agus a mháthair abhaile, agus bhí saoghal breagh suaimhneach aca in a gCaisleán i gCill-Sgeachach uaidh sin amach.
- Collector
- Seán de Faoite
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Kilskeagh, Co. Galway
- Informant
- Seán de Faoite
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Kilskeagh, Co. Galway