School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)
- Location:
- Crumlin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Donnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromghlinn (B)
- XML Page 170
- XML “Eachtra an Mhairnéalaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gur fada an lá nach bhfaca sé fear as Éireann ach ar a bhfaca tú ariamh núair a iarrfhas sé lámh ort ná tabhair aon lámh dó. Tá cramh ceathramha bulláin lé hais an dorais agus sínfhidh tú cuighe i, déanfaidh sé púdar de'd láim fhéin. Tá greim chómh cruaidh sin aige." Rinne an fear mar a dúbhradh leis. Núair a chúaidh sé isteach an doras, fuair sé an t-sean dhuine sa leabaidh. Fuair seisean a bhaladh, cuir sé fáilte roimhe. "Tarra uait annseo go gcraithfidh mé lámh leat" a dubhairt an sean-dhuine. Chuaidh sé go dtí é sa leabaidh agus thug sé leis an cnam ceathramha de'n bhulláin agus sín sé chuighe é as a láimh agus rinne sé púdar de. "Teastuigheann uaim," adeir an sean-fhear, nuair a rachaidh tú abhaile gabh soir go dtí coill Baile na h-Inse agus gearr ceithre crainn. Tiubhraidh tú leath iad agus chaith amach iad i Loch Máimín i gConamara. Rud eile atá mé ag iarraidh ort, tá páirc agat sa mbaile, tá cloch ann a bhfuil caoi aithridh uirri agus nuair a fheiceas tú í bheidh fhios agat gurbh i an chloch atá mé ag rádh fuithi. Ionntochaidh tú an chloch sin agus tá boisgín iarainn fuithi agus tiubhraidh tú leat chugam annseo é. Ná h-oscail é go bhéarfaidh tú chugam é. Chuaidh an máirnéalach abhaile agus go Coill Baile na h-Inse agus gearr sé an t-adhmad. Chuir sé ins an loch(continues on next page)
- Collector
- Seán de Faoite
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Kilskeagh, Co. Galway
- Informant
- Seán de Faoite
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Kilskeagh, Co. Galway