School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0252
- XML “An Caisleán Draíochta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dúirt leis go raibh rún aige an caisleán a thógáil ó dhraíocht.
Tráthnóna lá arna mhárach chuaigh an buachaill go dtí an áit a mbíodh an caisleán agus d'fhan ansin go mfhoighdeach gur thit an oíche. Ansin chonaic sé an caisleán mór breá agus nuair a chonaic anonn leis go dtí é gan fuacht ná faitíos. Nuair a tháinig sé go dti an doras bhí sé ar leathoscailt roimhe agus bhrúigh sé isteach é. Nuair a bhrúigh thosaigh an doras ag oscailt ach níor chuir s aon fhaitíos air. Chuaigh sé síos ag an tine agus shuigh ar chathaoir ann. Ba bhreá an seomra é gan amhras agus d'fhan an fear ansin go dtí a dó dhéag.
Díreach ag a dó dhéag d'airigh an buachaill an clog mór ar an mballa ag bualadh agus leis sin d'airigh s scréachaíl uafásach agus caoineadh thuas an staighre. Níorbh fhada gur thit ceann rí anuas an simléar síos glanoscartha isteach sa tine agus scaip sé splancacha ar fud an teallaigh. Ní dhearna an ceann seo stopadh go ndeachaigh sé i bhfolach thuas i gcúinne dorcha an tseomra. D'éirigh an buachaill agus thosaigh sé ag cur caoi ar an tine agus nuair a tháinig sé ar ais céard a bheadh ar an gcathaoir roimhe ach colainn gan ceann. "Fág seo," ar seisean leis an gcolainn ag tabhairt laisc di a chuir suas i gcúinne an tseomra í. Nuair a shíl sé suí ar an gcathaoir fuair sé féin iarraidh. "Ná déan é sin anois nó beidh mé féin ag bualadh," a deir sé. Bhí 'siad' thart air air chomh tréan leis an réalta.(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Churraoin
- Gender
- Female
- Informant
- Maitiú Ó Curraidhin
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- An Chloich Mhóir Thuaidh, Co. Galway