School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0207

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0207

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0207
  3. XML “Bád Cholm Cille”
  4. XML “Toit Chonáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tagann roinnt go mhuinntir Árainn go dtí an tobar lá an phátrúin*. Tá an-mheas ag muinntir Árann ar an tobar mar gheall gur chaith Colm Cille sgath’ dhá shaogal amuigh leób féin.
    *9 adh lá Meitheamh, lá fhéile Choilm Cille.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tá cnocán ar mo bhaile in aice na fairrge agus deirtear go bhfuil saidhbhreas i bhfolach ann. 'Sé an t-ainm a thuganns muid ar an gCnocán Toit Chonáin mar 'sé Conán a chuir an saidhbhreas i bhfolach ann, má's fíor.
    Aon lá amháin thug fear an cnocán suas air féin agus sluasad aige leis an saidhbhreas a chuartú. Chart sé an cnocán go maith acht dá mbeadh sé ag rómhar ó shoin ní raibh tada le fagháil aige ach sliogáin agus clocha beaga. An lá d'ár gcionn chuaidh beirt eile ghá chuartú acht nuair tháinic go dtí an áit a bhí cartuighthe bhí cat mór ar bruach an phoill rómpa. Rith siad abhaile le na n-anam agus sílim gur fágadh an saidhbhreas ann ó shoin.
    Bhí fear ar mo bhaile darbh' ainm dó Tomás Ó Conghaile agus bhí sé ag tigheacht abhaile ó chuairt go deireannach san oidhche agus chonnaic sé solas i ngar dó. Rinne sé ar an solas agus chonnaic sé dabhach óir faoi leic ann. Thug sé leis an dabhach óir acht ar a bhealach abhaile dhó bhuail tinneas é. Bhí an tinneas i gcomhnaidhe annsin air agus ní raibh fhios aige céard do dhéanfadh sé. Chuaidh sé go dtí bean feasa agus dubhairt sise leis an dabhach a chur ar ais san áit a bhfuair sé é. Níor thug sé ar ais é agus ba ghearr 'na dhiaidh sin gur cailleadh é.
    Féach lch. 114 - "Toit Conáin."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Baile na hAbhann, Co. Galway
    Collector
    Áine Ní Fhatharta
    Gender
    Female
    Informant
    Learaí Ó Biaith
    Gender
    Male
    Age
    84
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway