School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0128

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0128

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0128
  3. XML “Oíche Shamhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Peadar Mac Donnchadha do chum, As Indreabhán dhó (14 bl.)
    Bíonn na sean-daoine a'rádh go mbíonn na púcaí amuigh Oidhche Shamhna agus nach ceart a bheith amuigh i ndiaidh an dó-dhéag an oidhche sin. Chuala mé mo driotháir ag rádh go bhfaca sé ceann aca ag eirighe aníos ar sruthán na teórann nuair a bhí sé ag teacht ó chuairt agus gur rith go dtí an doras ó thuaidh i dtigh Mháirtín Tom. Rith sé go bhfeiceadh sé cén sórt bean a bhí ann acht ar iompódh do bhoise ní raibh amharc le fághail uirthi. Sílimse mar sin féin nach bean sidhe a bhí ann ach Brighdín Mhicil Éamoinn a bhí ag imtheacht agus a béal lán d'uisge aice go mbeadh fhios aice cén chéile a beadh i ndán di.
    Bhí chúig phláta ar an mbord againn fhéin. Bhí uisge glan ar cheann aca, créafóig ar cheann eile, Paidrín ar cheann eile, uisge salach ar cheann eile agus fáinne ar an gcúigiú ceann. Chuir muid piúcín ar Seáinín Éamoinn agus dubhairt muid leis a láimh a leagan ar a rogha pláta. Ar ndóigh, mo léan, is ar an gcréadfóig a leag Seáinín a lámh agus deir siad leis go mbeadh sé sa geré sul má bhíos an bliadain caite. Ar an bpaidriń a leag Máirtín s'againn fhéin a lámh. "Go n-eirighe ann cheird leat," a deir mo mháthair, "is gearr
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Halloween (~934)
    Language
    Irish
    Collector
    Peadar Mac Donnchadha
    Gender
    Male
    Age
    14
    Address
    Indreabhán, Co. Galway