School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Righ ann fadó agus bhí inghean aige agus dubhairt sé go dtiubharfhadh sé a inghean do dhuine ar bith a dtiubhradh sé féin an t-éitheach dhó.
Bhí leath-amadán san áit agus dubhairt sé go rachadh sé féin faoi dhéin inghine an Riogh.
"Cé'n ghnó a bheadh agadsa go dtí an Righ a amadáin?" ars an mháthair leis.
"Bhféidir go mbeadh" ar seisean agus d'imthigh leis go dtí an Righ.
D'fhiafruigh an Righ dhe cé'n sgéal a bhí aige agus dubhairt seisean go raibh ceathar dearbhráthaireacha aige agus gurbh é fhéin an fear is fearr aca. "Bhí duine aca mór" adeir sé, "duinr ró-mhór," "duine aca beag agus duine aca ró-bheag."
"Cé'n chaoi," adeir anRigh, "abhí ar an bhfear mór?"
"Bhí sé chomh mór," ars' an t'amadán "agus go raibh sé ag caitheamh [?] hata sa mí mar bhiodh sé ag sgríobhadh a chinn de'n spéir."
"Cé'n chaoi a bhí ar an bhfear abhí ró-mhór"?
"Bhí sé chomh mór" ars an t'amadán "is nuair a bhiodh sé (nuair a bhíodh) na shuidhe ar chathaoir taobh amuigh de'n doras go mbíodh sé ag comhrádh le Dia ins na flaithis."
"Cén chaoi abhí ar an bhfear a bhí beag".
"Bhí sé chomh beag ars an t'amadán, is nuair a bhiodh sé ag siubhal(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Fhátharta
- Gender
- Female
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó Fátharta
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway