School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0178

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0178

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0178
  3. XML “Doineann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Doineann
    Máire Ní Eidhin do chuir síos
    timceall chúig bliadhna deag ó shoin leagadh teach ar an gCloch Mhóir. Sé an tainm a bhí air ná Tigh Eamóin Sheóighe. Ní raibh duine ar bithe ag comhnaide ann mar bhíodar go léir básaighthe. Leagadh an teach agus sguabadh an ceann de agus tá sé leagtha ó shoin
    Athrú anuraidh bhí tóirneach mhór ann agus thuit sí sa loch in n-aice na Cloch' Móire. Marbhuigheadh dhá ghamhain ar Mháirtín Breathnach ar an mBánrain. Thí toirneach mhór ann an oidhche sin agus bhífaitchíos mór ar gach duine. Bhí na sean daoine ag rádh nach raibh aon tóirneach ann chomh mór le na linn féin agus a bhí an oidhche sin. Bhí báisteach mhór ann an oidhche sin agus chuaidh an bháisteach isteach i gcuid de na tighte a bhí i naice anlocha.
    Chuaidh sí isteach tighe Mháire Ní Fheineadha sa teach agus sa seomra. Bhí bád Cholm Mhichil Mhóir ag dul siar go Cillín agus ruaigeadh amach go hÁrainn í. Briseadh bád an tSeóighigh i Rosabhíl acht sábháileadh na daoine a bhí innte.
    Oidhche na Gaoithe Móire 1839 lá chinn an dá lá dheagi bhístroim uathbhásach ann. Bhí an lá go h'an bhreagh ach timcheall leath uair tar éis a dó dhéag d'árduigh gála mór. Do leagadh go leor tighthe agus fuaduigheadh cocaí féir freisin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. processes and phenomena
      1. severe weather (~1,727)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Eidhin
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Ó Curraidhin
    Gender
    Male
    Age
    72
    Address
    Caorán na gCearc Thuaidh, Co. Galway