School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0196

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0196

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0196
  3. XML “An Chincís - Bíonn an Chincís Uaibhreach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Chingcís
    "Bíonn an Chingcís uaibhreach
    Pádraic 'ac Conghaola (63 Bl) d'innis
    Áine Ní Chonfhaola do chuir síos
    Tosuigheann an Chingcis i dtús an tSamhraidh agus seacht seachmhaine a mhaireann sí. De réir ráidhteachas na sean-daoine ní chrochfadh aon bhád a seól taobh amuigh de'n chuan ó'n gcéad lá do'n Chincís go mbeadh sí caithte. Níor tháinig aon Chincís ariamh gan toirneach. Bíonn dath dubh-ghorm ar an aer agus bíonn daoine ag creathadh leis an bhfaitchíos. Is minic a chloisfeá iad ag rádh Marainn Phadhruig.
    Ní tosuigheann siad ar obair nua ar bith ins an gCincís ag deanadh ómós dí ag ceapadh go bhfuil sí uaibhreach. Ní bheárrann siad aon chaora ach an oiread mar gheall le faitchíos go gcaillfí iad. agus ní bheárrann siad na daoine acht an oiread ag ceapadh go mbeadh mallacht na Cingcíse ortha. Ní théidheann siad ag iasgach acht an oiread. Mara mbeidh an dorugha fliuchta acu sul a thiocfas an Chingcís ní thiocfaidh siad ag iasgach. Níl sé ceart codladh amuigh sa gCincís acht an oiread. Mara ndeacha tú ag snámh roimh an gCincís deirtear nach bhfuil sé ceart dul ag snámh go mbeidh sí caithte, Síol a cuirtear sa gCingcís ritheann sí.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Whitsun (~59)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Chonfhaola
    Gender
    Female
    Informant
    Pádraic 'Ac Confhaola
    Gender
    Male
    Age
    63
    Address
    Caorán na gCearc Thuaidh, Co. Galway