School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0251

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0251

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0251
  3. XML “Ridire na gCleas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Fuair sé suipéar réidh dhóibh agus tar éis an tsuipéir dubhairt sé leó eirighe agus gaisghidheacht a dhéanamh. Anois bhí a mhac féin ann freisin agus bhí sé i ngar do bheith chomh maith le ceachtar aca.
    "Níl sé chomh maith le mo chuid gaisghidheach fós acht leig liom-sa é," ars an ridire, "ar feadh lá agus bliadhain eile."
    "Leighfead" ar seisean, "acht go dtiúbharfaidh tú ar ais chugam é i gcionn an lá agus bliadhain" Dubhairt sé go dtiúbharfadh.
    D'imthigh leó ar maidin lá ar na bhárach agus d'fhanadar amuigh lá agus bliadhain eile.
    Nuair abhí an t-am istigh chonaic an sean-fhear an cómhluadar ag teacht. Chuir sé fáilte rómpa.
    Chaitheadar an suipéar agus tar éis an bhéile dubhairt sé le na chuid fear eirighe suas agus píosa gaisgidheacht a dhéanamh.
    D'eirigh siad suas, trí fear déag, agus bé mac an fheilméara an fear ab'fhearr.
    Ní raibh fear ar bith indon ceart a bhaint dhó acht Ridire na gcleas fhéin.
    "Níl fear ar bith aca chomh-maith le mo mhac féin" adeir an sean-duine.
    "Níl go deimhin" adeir an Ridire "acht mise agus má leigeann tú liom é lá agus bliadhain eile beidh sé 'na ghaisghidheach chomh maith liom féin."
    "Maiseadh leigfead," ar an feilméar, "leigfidh mé leat é."
    Anois níor iarr sé air an t-am seo é a thabhairt ar ais arís mar rinne sé an trí uair eile.
    I gcionn lá agus bliadhain bhí an feilméar ag fanacht agus ag súil le na mhac acht níor tháinig an mac ná Ridire na gCleas.
    Bhí an t-atair faoí imnidhe mhór nuair nach raibh a mhac ag teacht abhaile chuige.
    "Pé áit de'n domhan a bhfuil sé caithfidh mé a fhágháil amach."
    D'imthigh sé annsin agus bhí sé ag imtheacht gur chaith sé trí lá agus trí oidhche ag imtheacht.
    Tháinig sé isteach annsin i dteach bréagh agus chonnaic sé trí fhear déag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Language
    Irish
    Collector
    Mairghréad Ní Chualáin
    Gender
    Female
    Informant
    Nóra Ní Chualáin
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Age
    93
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway