School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0262

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0262

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0262
  3. XML “An Cladach Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ar chuala sibhse trácht, a dhaoine,
    Ar a' stoirm sínt' úd ar mhuir 's ar thala
    A d'fág éagmais gleó 'gus caoineadh
    Gach aon lá choidhchin ríst i gConnamara
    I ndeire an fhoghmhair san oidhche Dia h-Aoine,
    'Seadh rinneadh an mhísgúd ar sean 'sar óg
    Is go bhfuil sé ráidhte ó bhéal na ndaoine,
    Gur thriall sí an oidhche úd as Mexicó.
    A Dhia 's a Chríosta nár mhór an nidh é
    An méid siúd daoine do chur ar fán
    Mná 'gus páistí i gcaith ' na h-oidhche
    Mó léan ghá gcaoineadh is gan iad le fagháil!
    Galra dubhach ort féin a mór-mhuir
    Nach iomdha deóir ghlas a bhain tú asta!
    A gcáirdí ag iomradh ar na tonnta móra,
    A Dhia na Glóire, ar bheagán fasgaidh!
    Acht ó thárla anois is go bhfuil siad éagtha
    Is nach bhfuil aon éirnis acu ar an saoghal
    Guidhidh leó-san chuig Dia na Glóire
    Agus Dia ghá soillsiú go Flaithis na Naomh.
    Bhí buachaillí ann croidheamhail siamsámhail
    A dhéanfadh gníomhartha le leim 's le rith
    Is bhí fir dhá réir ann badh deise béasa
    Agus naonbhar óigfhear as an gCladach Dubh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seósamh Ó Donnchadha
    Gender
    Male
    Address
    Baile na mBrobhach, Co. Galway